Úsáidim an ceadúnas seo chun caighdeán árd peannaireachta a choinneáil i mo sheomra ranga. Cabhríonn sé go mór le néatacht a fheabhsú agus a chur chun cinn. Ní bhíonn cead ag na páistí peann a úsáid go dtí go bhfuil an ceadúnas tuillte acu. I ndiadh sin, bíonn trí seans acu (ar nós pointí ar cheadúnas tiomána) agus is féidir an ceadúnas a chailliúnt. Sa chás sin, bíonn orthu dul ar ais go peann luaidhe a úsáid go dtí go bhfuil ceadúnas nua faighte acu. Is féidir níos mó a léamh ar an mblag.
Tá a